30th January 2025
DRI is hiring – Training Manager and Digital Archivist
Taisclann Dhigiteach na hÉireann: Ar Thús Cadhnaíochta sa Bhuanchoimeád Digiteach, san Infhionntacht agus sa Rochtain
Is stór digiteach, nó cartlann ar líne, CoreTrustSeal-dheimhnithe í Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) atá iontaofa agus a bhfuil mar aidhm aici daonnachtaí, oidhreacht chultúrtha agus sonraí digiteacha eolaíochta sóisialta na hÉireann a chaomhnú go fadtéarmach le go mbeidh teacht agus fáil orthu.
Ós é DRI an t-aon eagraíocht in Éirinn ar a bhfuil sainchúram eisiach as an mbuanchoimeád digiteach, seirbhís faoi leith atá á cur ar fáil ann. Rud leochaileach atá san ábhar digiteach – tá baol ann go gcaillfear an oidhreacht chultúrtha dhigiteach chomhchoiteann atá againn mura ndéanfar buanchoimeád digiteachair, is é sin ‘bainistiú gníomhach ar ábhar digiteach in imeacht ama ionas go mbeidh teacht leanúnach air’ (Library of Congress). Tá obair ar bun in DRI leis an oidhreacht dhigiteach in Éirinn a chosaint do na glúnta atá le teacht.
Cuireann DRI ar fáil buanchoimeád digiteach agus rochtain iontaofa, fhadtéarmach, leanúnach ar shonraí digiteacha sóisialta agus cultúrtha, arna nginiúint ag taighdeoirí in Éirinn, arna gcoinneáil ag institiúidí Éireannacha nó ábhar digiteach a bhaineann le hoileán na hÉireann. Tá na sonraí seo á gcur ar fáil go hoscailte againn i gcomhréir le prionsabail na so-aimsitheachta, na hinrochtaineachta, na hidir-inoibritheachta agus na hath-inúsáidteachta (prionsabail FAIR). Is é an aidhm atá againn taifead sóisialta, cultúrtha agus stairiúil na hÉireann a chaomhnú le go mbeidh teacht ar an ábhar sin ag taighdeoirí, ag daoine ar spéis leo an oidhreacht chultúrtha agus ag an bpobal anois agus feasta. Bímid ag tacú leis an dea-chleachtas sa bhuanchoimeád digiteach, rochtain oscailte, taighde oscailte agus comhroinnt sonraí de réir FAIR. Féach na ráitis atá againn maidir lePrionsabail FAIR agus Prionsabail TRUST le tuilleadh eolais a fháil.
Agus tú ag breathnú ar an Taisclann nó cuardach ar bun agat, beidh tú ag imeacht ar aistear trí ábhar luachmhar a thugann léargas fairsing ar Éirinn.
Tá múnla ballraíochta íocthai bhfeidhm in DRI. Déanaimid maoirseacht ar shonraí digiteacha ó réimse eagraíochtaí, lena n-áirítear institiúidí ardoideachais, institiúidí oidhreachta cultúrtha (earnáil na ndánlann, na leabharlann, na gcartlann agus na n-iarsmalann, dá ngairtear ‘GLAM’), gníomhaireachtaí rialtais agus údaráis áitiúla.
Aithníonn DRI an luach atá le héagsúlacht tacar sonraí, mar sin cuirimid ballraíocht, tacaíocht agus oiliúint sa bhuanchoimeád digiteach ar fáil saor in aisce d’eagraíochtaí pobalbhunaithe tearcmhaoinithe mar chuid de scéim a bhfuilgradam ríomhsheirbhísí an rialtais buaite aici, Scéim Cartlainne Pobail DRI.
Mar aon le príomhchlár DRI, eagraíocht taighde is ea DRI atá páirteach i réimse leathan de thionscadail chomhoibríocha a bhaineann leis an mbuanchoimeád digiteach. Samplaí dár dtionscadail chomhpháirteacha: ‘OS200: Cartlann Dhigiteach de Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann’; tionscadal buaite an Ghradaim don Bhuanchoimeád Digiteach ‘Buanchoimeád Digiteach Acmhainní Sláinte Atáirge: An tOchtú Leasú a Chartlannú’ (Sláinte Atáirgthe a Chartlannú); ‘Treisiú an Athraithe: Stair na Atlantic Philanthropies ar oileán na hÉireann’; agus meascán de thionscadail atá á maoiniú ag an Eoraip i gcomhar le Europeana agus an Research Data Alliance. Tá tuilleadh eolais ar na tionscadail taighde seo ar Leathanach na dtionscadal. Nuacht agus Imeachtaí.
Tá DRI ag tacú le prionsabail an taighde oscailte. Is é DRI an comhlacht comhordúcháin d’Fhóram Náisiúnta an Taighde Oscailte (NORF) ó 2022 i leith. Comhordaíonn DRI iarrachtaí NORF chun an clár náisiúnta um thaighde oscailte a bhrú chun tosaigh, lena n-áirítear tacú le gníomhaíochtaí agus iad a fhorbairt chun cuspóirí náisiúnta don Taighde Oscailte a neartú agus a chur chun cinn, agus chun tacú níos fearr leo, mar a leagtar amach sa National Framework on the Transition to an Open Research Environment (2019) agus an National Action Plan for Open Research 2022-2030.
Ó 2022 ar aghaidh, tá Ciste Taighde Oscailte NORF á fheidhmiú agus á riar ag NORF, agus tacaíocht ann ó DRI, ciste óna dtugtar maoiniú chun gníomhartha a chur i gcrích a bhfuil tús áite acu sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta don Taighde Oscailte.
Gabhann DRI air féin tacú le riachtanais bhainistíochta an phobail taighde in Éirinn ó thaobh buanchoimeád digiteach agus sonraí taighde de. Chuireamar lenár seirbhísí in 2024 nuair a sheolamar Treoirthionscadal Seansonraí i gcomhar le Sonraí, Líonra Maoirseachta Sonraí na hÉireann chun tacú leis na taighdeoirí siúd nach féidir na gnáthbhealaí a úsáid chun ábhar a thaisceadh in DRI. Is féidir le taighdeoirí a gcuid sonraí taighde a chaomhnú le go mbeidh teacht orthu go fadtéarmach mar chuid den treoirthionscadal seo.
Is taisclann dhigiteach iontaofa é DRI i gcomhair sonraí taighde agus bailiúcháin oidhreachta cultúrtha na hÉireann sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta a bhuanchoimeád, a mhaoirsiú agus a scaipeadh.
Cinntíonn DRI go bhfuil buanchoimeád digiteach ina ghné lárnach d’eagraíochtaí náisiúnta a oibríonn le bailiúcháin oidhreachta cultúrtha, idir dhigitghinte agus digitithe, agus le sonraí taighde. Déanaimid é seo ach oibriú chun feasacht ar dhea-chleachtais agus ar bheartais a mhéadú, agus leas a bhaint as ár dTaisclann chun bailiúcháin agus sonraí ár dtaisceoirí a bhuanchoimeád.
Déanann DRI beartas a fhorbairt, cuireann go mór le beartas na hEorpa ar an Eolaíocht Oscailte, agus is ceannródaí aitheanta go hidirnáisiúnta é ó thaobh cartlannú digiteach agus bonneagar taisclainne.
Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) tríd an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO).
Sheolamar ár gcéad Phlean Straitéiseach in DRI in 2024 le go mbeimis in ann ár bhfís don am atá le teacht a leagan amach, spriocanna a shocrú don eagraíocht agus a dheimhniú go bhfuil na hacmhainní againn chun freastal ar na riachtanais atá ag earnáil an ardoideachais agus earnáil na hoidhreachta cultúrtha in Éirinn ó thaobh buanchoimeád digiteach de, riachtanais atá de shíor ag fás. I bPlean Straitéiseach DRI, 2025–2029, tugtar spriocanna straitéiseacha na taisclainne i réimsí tosaíochta DRI, is iad sin Buanchoimeád; Nuálaíocht agus Bonneagar Digiteach; Oideachas agus Rannpháirtíocht; Rochtain agus Taighde Oscailte; agus Ballraíocht agus Pobal. Gheofar an Straitéis i dtaisclann DRI. Tá leagan Gaeilge den Straitéis foilsithe againn sa Taisclann.
Mar thaisclann náisiúnta, ba chóir léiriú a thabhairt ar fhairsinge agus éagsúlacht shochaí agus chultúr na hÉireann inár mbailiúcháin, ár mballraíocht, ár gcomhpháirtíochtaí agus ár bhfoireann. Tá leagan gearr dár mbeartas Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta sa Taisclann ina dtugtar na bunluachanna atá againn ó thaobh na réimsí sin de. Tá leagan fada ann chomh maith, ina dtugtar ár ngníomhartha agus feidhmiú don tréimhse 2023-2025.
Sa Chód Eitice atá ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann tugtar cuntas ar chód eitice DRI i dtaca le cosaint oibiachtaí arna dtaisceadh, oibiachtúlacht agus freagracht shóisialta, forbairt leanúnach, beartas náisiúnta agus taighde comhpháirteach, prionsabail sonraí FAIR, príobháideacht, cumarsáid agus comhionannas.
Oibríonn DRI Board le go mbeidh rath fadtéarmach ar obair an DRI. Cuireann an Bord rialachas agus cuntasacht chorparáideach ar an gcaighdeán is airde chun cinn, tugann treoir do Stiúrthóir an DRI ar threoir straitéiseach na Taisclainne ag féachaint le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach DRI, agus déanann monatóireacht ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna straitéiseacha agus príomhtháscairí feidhmíochta. Gheofar tuilleadh eolais i dTéarmaí Tagartha Bhord DRI (Meitheamh 2018).
Déanann Foireann Bainistíochta DRI an eagraíocht a bhainistiú ó lá go lá, cuireann comhairle theicniúil ar an Stiúrthóir i dtaca le cinntí tábhachtacha oibríochta, agus bíonn ag feidhmiú mar an dara céim nuair a bhíonn athbhreithniú le déanamh ar bheartais agus tionscnaimh nua a fhorbraíonn baill foirne DRI nó a mholann Tascfhórsaí DRI. Tá ionadaithe sinsearacha ó na trí institiúid chomhpháirteacha atá ag DRI (Acadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Mhá Nuad) ar Fhoireann Bainistíochta DRI. Bíonn cruinniú ag an bhfoireann gach mí nó níos minice mar sin más gá.
Tá tascfhórsaí ar bun ag DRI a bhfuil baill foirne agus daoine ón bpobal mar chuid díobh chun obair i réimsí faoi leith a dhíriú, chun forbairt an dea-chleachtais a rianú agus chun tascanna oibríochta a eagrú. Seo cuid de na tascfhórsaí seasta: Dlí, Eitic agus Eagraíocht; Bainistiú Oibiachtaí Digiteacha; Ardán na Taisclainne; Taifid Ghnó; Cumarsáid; agus Forbairt an Láithreáin Gréasáin.
Déanann grúpaí sainchuspóireach Tasc agus Cur i gCrích bainistíocht ar thionscadail agus tionscnaimh a bhfuil teorainn ama leo.
Fóram atá sa Sainghrúpa Comhairleach le gur féidir le baill foirne DRI leas a bhaint as saineolas náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse disciplíní agus earnálacha, na cinn seo ina measc: taisclanna agus cartlanna, oidhreacht chultúrtha, taighde agus oideachas, daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta, dlí, teicniúil agus cruthaitheach. Bíonn cruinniú ag an Sainghrúpa Comhairleach gach bliain agus tugann comhairle ad hoc ar ábhair thábhachtacha.
Tá naisc láidre ag DRI lena phobal ainmnithe agus cuireann sé aiseolas san áireamh go rialta nuair a bhíonn pleanáil agus forbairt gnéithe ar bun. Beidh imeacht againn ar an láthair in 2025 ar Lá na mBall, ócáid ina mbeidh deis ag baill de DRI a gcuid oibre a chur i láthair, riachtanais a phlé, aiseolas a thabhairt agus labhairt le piaraí ar ábhair a bhaineann leis an gcartlannú agus buanchoimeád digiteach.
Tá seisiún míosúil ar líne á reáchtáil ag DRI ó 2020 i leith mar chuid dár sraith Maidin Chaife Fhíorúil DRI. Bíonn deis ag baill foirne agus baill DRI teacht le chéile ar Mhaidineacha Caife DRI chun comhrá a dhéanamh ar cheisteanna, dúshláin nó tionscadail a bhaineann leis an mbuanchoimeád digiteach agus iad ar a gcompord. Déanaimid iarracht maidin chaife amháin mar seo ar an láthair a reáchtáil sa bhliain.
Ar dtús, rinneadh DRI a mhaoiniú trí dheontas maoinithe i dTimthriall 5 faoin gClár um Thaighde in Institiúidí Tríú Leibhéal. Sa chéim sin (2011-2015), rinneadh DRI bunaithe ar thaighde fadréimseach ar an dea-chleachtas do chartlanna agus taisclanna, chomh maith le comhairliúcháin leanúnacha le páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Bhíothas in ann an deontas sin i dTimthriall 5 den Chlár a úsáid le cuibhreannas taighde a raibh sé chomhpháirtí taighde ann agus corradh le 40 ball foirne a thabhairt le chéile le dearadh, struchtúr, beartais, treoirlínte agus cláir oiliúna na taisclainne a chur i gcrích. Sa tréimhse seo, chuir DRI clár gníomhach for-rochtana ar fáil – rinneadh comhdhálacha a eagrú, cuireadh páipéir acadúla i láthair agus glacadh páirt go forleathan i líonraí saineolais náisiúnta agus idirnáisiúnta, cuir i gcás. Seo iad na comhpháirtithe a bhí sa chuibhreannas bunaidh: Acadamh Ríoga na hÉireann (príomh-institiúid), Ollscoil Mhá Nuad, Coláiste na Tríonóide BÁC, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ollscoil Teicneolaíochta BÁC anois), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Ollscoil na Gaillimhe anois) agus an Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha.
Seoladh DRI go hoifigiúil i mí an Mheithimh in 2015 agus tá sé fós á bhainistiú ag trí institiúid lárnacha acadúla, is iad sin Acadamh Ríoga na hÉireann, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Mhá Nuad. Tá baill foirne DRI lonnaithe i ngach ceann de na hinstitiúidí seo. Tá réimse de shaineolas acadúil agus gairmiúil ag baill foirne DRI thar réimse disciplíní agus próifílí – innealtóirí bogearraí, ailtirí córas, cartlannaithe, scoláirí sna daonnachtaí agus eolaíochtaí sóisialta, oideoirí agus gairmithe eolais ina measc.
Tar éis í a sheoladh mar Thaisclann bheo in 2015, fuarthas an maoiniú do DRI ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn. Tá DRI go hiomlán á mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas ó 2025 ar aghaidh.