Skip to main content

Prionsabail FAIR

Is é atá i gceist leis na Prionsabail FAIR ná sraith de threoirphrionsabail atá dírithe ar shonraí agus ar aschur taighde eile a dhéanamh Inaimsithe, Inrochtana, Idir-inoibritheach agus In-athúsáidte. Nuair a cuireadh chun tosaigh iad den chéad uair in 2016, ba ghairid go raibh na prionsabail seo ina léiriú ar dhea-chleachtas maidir le sonraí taighde a bhainistiú, agus, ar an ardán idirnáisiúnta, díríodh an-aird ar na prionsabail a léirmhíniú ar bhonn praiticiúil agus ar an dóigh le cáilíocht a gcur chun feidhme a mheas. Chuir Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) leis an bpróiseas seo, trí shainghrúpa an Choimisiúin Eorpaigh ar FAIR, sainghrúpa a chuir an tuarascáil Turning FAIR into Reality i dtoll a chéile, trí rannpháirtíocht sa RDA FAIR Data Maturity Model Working Group, sa ghrúpa oibre FAIR um an Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach (EOSC) agus sa WorldFAIR Project.

Tá DRI tiomanta do na hiarrachtaí abhcóideachta agus beartais maidir le prionsabail FAIR i gcomhthéacsanna náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tá sé ina cheannródaí maidir lena gcur i bhfeidhm in Éirinn mar thaisclann iontaofa agus deimhnithe do shonraí na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí. Díríodh ár gcuid oibre ar rudaí a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail FAIR ar bheartais a bharrfheabhsú, ar chur i bhfeidhm aitheantóirí seasmhacha ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear Aitheantóirí Oibiachtaí Digiteacha (DOI) agus IDanna Taighdeoirí agus Rannpháirtithe Oscailte (ORCID), meiteashonraí saibhre agus caighdeánaithe atá innéacsaithe agus inchuardaithe, cearta agus ceadúnais meaisín-inghníomhaithe is féidir a athúsáid, chomh maith le húsáid foclóirí a chur chun cinn.

Mar chuid den WorldFAIR Project, rinne DRI FAIR Implementation Profile (FIP) ( Próifíl Forfheidhmithe FAIR) a chuireann síos ar na hacmhainní, na caighdeáin agus na huirlisí éagsúla a úsáidtear chun tacú le bailiúcháin agus sonraí taighde sa Taisclann a chomhroinnt ar bhonn FAIR. Tá próifíl DRI á húsáid chun tacú le forbairt Cross-Domain Interoperability Framework (Creat um Idir-inoibritheacht Trasréimse) a dearadh “chun sraith lárnach de chomhaontuithe a sholáthar, a chomhtháthaíonn gnéithe cineálacha FAIR (meiteashonraí bunúsacha fionnachtana, gnéithe struchtúracha na sonraí a theastaíonn le haghaidh próiseáil agus comhtháthú, faisnéis bhunúsach rochtana, stair, etc.) le naisc chuig comhpháirteanna séimeantacha a bhaineann go sonrach leis an réimse amhail foclóirí rialaithe agus ointeolaíochtaí.”

Tugaimid breac-chuntas thíos ar chuid de na bealaí sonracha ar thug muid aghaidh ar na gnéithe éagsúla de FAIR.

 

Inaimsithe

F1. Sanntar aitheantóir seasmhach uathúil do (meitea)shonraí

F2. Úsáidtear meiteashonraí saibhre le cur síos ar shonraí

F3. Cuimsíonn meiteashonraí aitheantóir na sonraí a ndéanann siad cur síos orthu go soiléir agus go follasach

F4. Cláraítear nó innéacsaítear (meitea)sonraí in acmhainn inchuardaithe

Sanntar aitheantóir uathúil do gach oibiacht sa Taisclann ar í a ionghabháil, agus ansin aitheantóir seasmhach, DataCite DOI, ar í a fhoilsiú.

Cuimsítear an DOI sna stíleanna lua a ghintear go huathoibríoch ar féidir le húsáideoirí roghnú astu chun creidiúint chuí a thabhairt don taisceoir agus don fhoinse, an Taisclann.

Déantar bailiúcháin inaimsithe fosta trí FAIR Signposting (Treorú FAIR), formáid chaighdeánaithe a ligeann do ghníomhairí meaisín oibiachtaí léinn ar líne a nascleanúint.

Tugann meiteashonraí saibhre cur síos ar Thacair Sonraí agus ar Oibiachtaí Digiteacha a ionghabhtar i dTaisclann Dhigiteach na hÉireann. Cuimsíonn siad sin roinnt réimsí éigeantacha amhail Teideal, Cur Síos, Cearta agus araile, chomh maith le líon mór réimsí molta, lena n-áirítear ábhair, áiteanna, dátaí, etc. Déantar na meiteashonraí go léir a innéacsú in Inneall Cuardaigh Solr agus is féidir iad a chuardach de réir gach réimse, nó de réir réimse aonair faoi leith, ar a n-áirítear Ábhair, Ainm duine, etc.

 

Inrochtana

A1. Is féidir (meitea)sonraí a aisghabháil lena n-aitheantóir ach prótacal cumarsáide caighdeánaithe a úsáid

A1.1 Tá an prótacal oscailte, saor in aisce agus is féidir é a chur i bhfeidhm go huilíoch

A1.2 Éascaíonn an prótacal nós imeachta fíordheimhnithe agus údaraithe, nuair is gá sin

A2. Tá meiteashonraí inrochtana, fiú nuair nach bhfuil na sonraí ar fáil a thuilleadh

Is féidir meiteashonraí agus sonraí a aisghabháil thar phrótacal HTTPS, i mbrabhsálaí gréasáin nó chlár ríomhaireachta ach API REST a úsáid. Cé go mbíonn meiteashonraí inrochtana i gcónaí, is féidir go mbeidh cásanna ann ina mbeidh srian ar rochtain ar chomhaid sonraí, e.g., sa chás go bhfuil faisnéis phearsanta a d’fhéadfadh féiniúlacht duine a chur in iúl sna sonraí. Sa chás sin, bíonn na sonraí fós ar fáil d’úsáideoirí fíordheimhnithe agus údaraithe thar HTTPS, agus is féidir iad a íoslódáil le feidhmchláir fhíordheimhnithe.

Sa chás go mbaintear sonraí, bíonn na meiteashonraí fós ar fáil.

 

Idir-inoibritheach

I1. Úsáideann (meitea)shonraí teanga fhoirmiúil, inrochtana, choiteann atá bainteach go forleathan i gcomhair léiriú eolais.

I2. Úsáideann (meitea)sonraí foclóirí a chloíonn le prionsabail FAIR

I3. Cuimsíonn (meitea)sonraí tagairtí cáilithe do (mheitea)shonraí eile

Úsáideann gach meiteashonra sa Taisclann caighdeáin meiteashonraí foirmiúla, inrochtana, choiteanna a bhaineann leis an réimse, lena n-áirítear formáidí Dublin Core, Qualified Dublin Core, EAD, MODS agus MARC XML. Bheartaigh DRI na caighdeáin áirithe sin a chur i bhfeidhm ar an ábhar go n-úsáideann ár bpobal féin go forleathan iad, agus go dtacaíonn siad le cleachtais smachta reatha.

Is féidir na meiteashonraí a chur isteach ar fhoirm ar líne a fhorfheidhmíonn go líonfar isteach na réimsí éigeantacha, a ligeann d’úsáideoirí foclóirí rialaithe éagsúla a chuardach le haghaidh luachanna meiteashonraí, agus a sholáthraíonn leideanna uirlisí agus treoir chun cabhrú le húsáideoirí cinneadh a dhéanamh faoi na meiteashonraí a chuireann siad isteach. I gcás úsáideoirí a bhfuil a gcuid sonraí catalógaithe acu i gcóras seachtrach cheana féin, is féidir meiteashonraí sna formáidí liostaithe thuas a ionghabháil sa Taisclann. Soláthraíonn DRI teimpléid táblaí fosta chun cabhrú le húsáideoirí meiteashonraí a bhailiú le treoir bhreise, agus uirlisí chun easpórtáil ó fhormáid tháblach go formáid Qualified Dublin Core chun baisc-ionghabháil sa Taisclann a dhéanamh. Foilsíonn DRI fosta roinnt treoirlínte agus bileoga eolais faoi mheiteashonraí agus reáchtálann sé cúrsaí oiliúna rialta chun cabhrú le húsáideoirí meiteashonraí ardchaighdeáin a sholáthar.

Is féidir leagan meaisín-inléite den oibiacht a aisghabháil mar thaifead JSON nó RDF. Cuimsíonn sé sin na príomhréimsí meiteashonraí chomh maith le naisc chuig aon chomhad sócmhainne digití, oibiacht, ceadúnas bainteach, etc. Is féidir an fhaisnéis sin a easpórtáil i bhformáid BagIt fosta, nó a bhailiú trí fhotha OAI-PMH.

 

In-athúsáidte

R1. Déantar cur síos saibhir ar mheiteashonraí le hiolracht de thréithe cruinne ábhartha

R1.1. Eisítear (meitea)sonraí le ceadúnas úsáide sonraí soiléir inrochtana

R1.2. Ceanglaítear (meitea)sonraí le stair mhionsonraithe

R1.3. Sásaíonn (meitea)sonraí caighdeáin phobail atá ábhartha don réimse

Teastaíonn Rights Statement (Ráiteas um Chearta) foirmiúil agus faisnéis um chearta forlíontacha le haghaidh gach oibiachta sa taisclann. Ní mór go mbeidh Ceadúnas ceangailte le gach oibiacht fosta. Is féidir ceadúnas a roghnú as aon cheann de na ceadúnais a dtacaíonn DRI leo. Sonraíonn na Ceadúnais na coinníollacha faoinar féidir na sócmhainní digiteacha a athúsáid. Is féidir na meiteashonraí tuairisciúla go léir a athúsáid faoi cheadúnas CC0, mura gcuirtear a mhalairt in iúl.

Is féidir an t-aitheantóir uathúil inmheánach DRI a úsáid chun naisc idir neart oibiachtaí a chruthú. Ligeann na naisc sin do thaighdeoirí nascadh le doiciméid tacaíochta, amhail foilseachán nó taifid a chuireann síos ar an gcaoi ar bailíodh an tacar sonraí (mar shampla, bileog sonraí), cuir i gcás.

Gintear meiteashonraí teicniúla maidir le formáid an chomhaid agus airíonna suntasacha eile go huathoibríoch, chomh maith le meiteashonraí staire a bhaineann le haon ghníomh a dhéantar leis an gcomhad tar éis é a ionghabháil. Stóráiltear na meiteashonraí breise sin leis an oibiacht.

Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).

Higher Education Authority Logo
Core Trust Seal Logo Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo Ireland eGovernment Awards Winner in the Open Data Award Category badge

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil.