Eolaíocht Oscailte agus FAIR
Sonraí taighde a dhéanamh Inaimsithe, Inrochtana, Idir-inoibritheach agus In-athúsáidte
Tá an dóigh a ndéantar agus a gcuirtear taighde in iúl ag athrú go gasta. Tá beartais agus cleachtais Eolaíochta Oscailte ag athrú na dóighe a ndéantar fiosrúcháin taighde a dhearadh, a bhainistiú, a chomhroinnt agus a mheasúnú, sa dóigh is nach leor anois torthaí an taighde a mhaoinítear le hairgead poiblí a fhoilsiú gan na bunsonraí a thacaíonn leis na tátail, agus a bhailíochtaíonn iad, a chur ar fáil chomh maith, chomh hoscailte agus inrochtana agus is féidir. Leagann an Coimisiún Eorpach béim ar thráthúlacht agus ar phráinn áirithe i dtaca leis an bparaidím thaighde nua seo ina shainmhíniú ar Eolaíocht Oscailte mar “Cur chuige don phróiseas eolaíoch a dhíríonn ar eolas a scaipeadh a luaithe a bhíonn sé ar fáil trí theicneolaíocht dhigiteach chomhoibríoch” (Open Science Policy (Beartas Eolaíochta Oscailte) an AE).).
Is éard atá san Eolaíocht Oscailte, ar a dtugtar Taighde Oscailte nó Scoláireacht Oscailte go coitianta, ná beart cur chuige agus cleachtas chun taighde a bhailiú, a bhainistiú agus a scaipeadh ar bhealach atá chomh hoscailte agus chomh trédhearcach agus is féidir. Tá sé mar bhonn agus mar thaca ag idéil atá aitheanta ar fud an domhain, idéil a spreagann comhoibriú agus malartú, a áirithíonn cothromas maidir le rochtain ar tháirgí taighde, a éascaíonn bailíochtú torthaí taighde, agus a chuireann leis an tionchar a bhíonn ag infheistíocht taighde. (Féach, mar shampla, UNESCO Recommendation on Open Science, 2021). Léaráid Venn arna cruthú ag TU Delft, a léiríonn tosaíochtaí na heolaíochta oscailte: Cothromas, Ionracas, Comhoibriú, Tionchar |
In 2016, forbraíodh na FAIR Data Principles (Prionsabail Sonraí FAIR) lena aithint go bhfuil dea-bhainistíocht sonraí taighde ar feadh shaolré an taighde ríthábhachtach do rath na hEolaíochta Oscailte. Cuireann taighdeoirí a chuireann i bhfeidhm cleachtais atá bunaithe ar na treoirphrionsabail seo sonraí ar fáil atá Inaimsithe, Inrochtana, Idir-inoibritheach agus In-athúsáidte (FAIR).
Daoine cipíneacha a léiríonn céimeanna sna Prionsabail FAIR, fosteropenscience.eu |
DRI agus Taighde Oscailte
Tá Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) i bhfách le prionsabail agus le cleachtais na hEolaíochta Oscailte le fada an lá, rud atá le sonrú sa mhéid a chuir muid le sainghrúpaí agus le tionscadail taighde maoinithe arna dtacú ag comhar leis an Research Data Alliance, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), le ALLEA, le Europeana, , leis an Coimisiún Eorpach agus leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte(EOSC). Bhí iar-Stiúrthóir DRI, Natalie Harrower, páirteach i sainghrúpa ardleibhéil an Choimisiúin Eorpaigh um shonraí FAIR agus chuir leis an tuarascáil ‘Turning FAIR into a Reality’ report (2018), ar príomhthreoir í maidir le sainmhíniú ar FAIR san Eoraip agus bunacmhainn le haghaidh cur chun feidhme FAIR sa Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach (EOSC). Leanadh le rannpháirtíocht DRI faoi scáth Ghrúpa Oibre FAIR Bhord Feidhmiúcháin EOSC, a rinne roinnt moltaí, lena n-áirítear Six Recommendations for Implementation of FAIR practice, Recommendations on FAIR metrics for EOSC agus Recommendations on certifying services required to enable FAIR within EOSC. Tá tuilleadh sonraí ar an dóigh a gcuireann DRI prionsabail FAIR chun feidhme le fáil ar an leathanach Ráiteas maidir le Prionsabail FAIR. Scaipeann DRI tuarascálacha agus aschur ó na gníomhaíochtaí seo lena bhallraíocht, a chuimsíonn níos mó ná seasca eagraíocht náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus leis an bpobal i gcoitinne trí chomhordú grúpaí amhail nód an Research Data Alliance (RDA) in Ireland. Léigh tuilleadh faoin mbaint atá ag DRI le tionscadail Eolaíochta Oscailte Eorpacha agus idirnáisiúnta ag https://dri.ie/projects.
Cuireann DRI le hiarrachtaí náisiúnta fosta trína ghníomhaíochtaí oiliúna, for-rochtana agus rannpháirtíochta agus go comhoibríoch trí thacaíocht don Fhóram Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte (NORF). Comhordaíonn ball foirne DRI, an Dr. Michelle Doran, iarrachtaí NORF chun an clár náisiúnta um thaighde oscailte a bhrú chun tosaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a fhorbairt chun cuspóirí náisiúnta um Thaighde Oscailte a neartú agus a chur chun cinn, agus trí thacú leo, mar a leagtar amach sa National Framework on the Transition to an Open Research Environment (2019) agus an National Action Plan for Open Research 2022-2030. Ó 2022 ar aghaidh, tá Ciste Taighde Oscailte NORF á chur chun feidhme agus á riar ag NORF agus ag DRI, ciste a leithdháileann maoiniú chun gníomhartha tosaíochta a leagtar amach sa phlean náisiúnta a chur i gcrích. Is féidir tuilleadh a léamh faoi DRI agus NORF ag https://dri.ie/norf.
Tá caomhnú digiteach iontaofa, lena n-áirítear monatóireacht leanúnach, próiseáil chaomhnaithe, agus forbairt beartais, ríthábhachtach fosta chun rochtain inbhuanaithe agus FAIR ar shonraí a áirithiú. Fuair an DRI deimhniúchán CoreTrustSeal in 2021 agus tá an fhoireann ina mbaill ghníomhacha den Chomhghuaillíocht ar son Caomhnú Digiteach (DPC), den Coalition of Open Repositories (COAR), chomh maith le bheith ina gcomhaltaí ar choistí eagraithe agus cláir do chomhdhálacha idirnáisiúnta, amhail an Open Repositories Conference, PIDfest agus an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chaomhnú Digiteach (iPRES).
Sonraí FAIR sna Daonnachtaí agus sna hEolaíochtaí Sóisialta
Mar thaisclann sonraí taighde náisiúnta do na daonnachtaí, do na heolaíochtaí sóisialta agus d’oidhreacht chultúrtha, déanann DRI a dícheall tacú le riachtanais uathúla na bpobal taighde seo agus iad a chur ar aon dul le dea-chleachtas idirnáisiúnta, rud a éascaíonn ath-inúsáidteacht sonraí thar theorainneacha disciplíní. Tá tábhacht ar leith ag baint le naisc inbhuanaithe a chur ar fáil idir pobail taighde agus bailiúcháin oidhreachta cultúrtha agus institiúidí cuimhní do DRI. In 2023, chomhordaigh DRI Grúpa Oibre idirnáisiúnta de ghairmithe oidhreachta cultúrtha, taighdeoirí daonnachtaí, gairmithe TF agus maoir sonraí tríd an WorldFAIR Project chun sraith moltaí foirmiúla a chur ar fáil chun cleachtais comhroinnte íomhánna na hoidhreachta cultúrtha a ailíniú níos dlúithe le prionsabail FAIR. Chuir DRI le treoirlínte ar How to Facilitate Cooperation between Humanities Researchers and Cultural Heritage Institutions (2019) agus reáchtáil sé imeachtaí for-rochtana amhail Using FAIR Data from the GLAM Sector (Sonraí FAIR ón Earnáil GLAM a Úsáid) agus Publishing GLAM Data as FAIR Data (Sonraí GLAM a Fhoilsiú mar Shonraí FAIR), sraith dhá chuid de sheimineáir ghréasáin arna heagrú ag DRI agus ag RDA le tacaíocht ó Europeana Research. Ó 2012-2020, rinne DRI, trí Acadamh Ríoga na hÉireann, cathaoirleacht ar ghrúpa oibre ríomhdhaonnachtaí ALLEA, a chuir amach dhá thuarascáil shuntasacha a thacaigh le cleachtais um shonraí a chur chun cinn sna Daonnachtaí. In Going Digital: Creating Change in the Humanities (2015) rinneadh moltaí maidir le hinbhuanaitheacht cartlanna agus oiliúint um shonraí a theastaíonn chun spriocanna Rochtana Oscailte agus Sonraí Oscailte a bhaint amach sna Daonnachtaí, agus bhí sraith moltaí in Sustainable and FAIR Data Sharing in the Humanities (2020) maidir leis an dóigh le sonraí digiteacha sna daonnachtaí a ailíniú le prionsabail FAIR. Ar deireadh, díríonn DPASSH sraith chomhdhála dhébhliantúil de chuid DRI, aird ar na dúshláin agus ar na deiseanna uathúla a chuireann sonraí taighde na n-ealaíon, na n-eolaíochtaí sóisialta agus na ndaonnachtaí ar fáil.
Téann sonraí taighde sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta i gcoinne gnáthghnásanna maidir le bainistíocht sonraí agus comhroinnt sonraí ó thaobh dhearadh an phróisis taighde agus an chur chuige maidir le maoirseacht fhadtéarmach sonraí de. Chuir scoláirí na ndaonnachtaí go háirithe imní mhór in iúl maidir le léirmhíniú a bhfoinsí agus a modhanna taighde mar shonraí, in ainneoin go bhfuil borradh faoi réimse na ndaonnachtaí digiteacha le blianta beaga anuas a bhraitheann, is dócha, ar anailís ríomhaireachtúil atá bunaithe ar shonraí agus acmhainní digitithe a léamh de chéin. Tá an DRI tiomanta do theagmháil a dhéanamh leis na pobail taighde seo ar bhealaí a gcuireann le spriocanna na hEolaíochta Oscailte a chur chun cinn atá measúil agus freagrúil do réaltachtaí an taighde sna réimsí seo fosta. Spreagann DRI gach taisceoir sonraí taighde a chomhroinnt chomh hoscailte agus is féidir trí cheadúnais oscailte a chur i bhfeidhm ar a gcuid sonraí, agus cuireann sé ceardlanna agus deiseanna oiliúna ar fáil maidir le cearta a bhainistiú agus ceadanna a fháil. Chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh ar Ghrúpa Sainleasa an RDA um Bailiúcháin mar Shonraí, tacaíonn foireann DRI le Grúpa Sainleasa Ambasadóirí an RDA a spreagann malartú smaointe idir réimsí éagsúla taighde.
Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).