Féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge, atá ar cheann de na ceiliúrtha is mó ar ár dteanga dhúchais agus ar ár gcultúr dúchais. Bíonn sí ar siúl gach bliain in Éirinn agus ar fud na cruinne. Tá lúcháir ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann a fhógairt go bhfuil cás‑staidéar ar bhall foilsithe i nGaeilge le Seachtain na Gaeilge, 2025 a cheiliúradh!
Sa chás‑staidéar, déanann an Dr. Aoife Coffey agus an Dr. Deborah Thorpe ó Sheirbhís Sonraí Taighde Leabharlann Choláiste na hOllscoile, Corcaigh machnamh ar chuid de na saincheisteanna a bhaineann le sonraí taighde atá i mbaol a chosaint i gcomhthéacs Institiúidí Ardoideachais. Tugtar léargas dúinn sa chás‑staidéir ar an gcaoi ar chabhraigh an comhoibriú le Taisclann Dhigiteach na hÉireann réitigh nua a chur ar fáil, réitigh atá bunaithe ar chomhthiomantas oiliúna agus tacaíocht shaindisciplíneach, rud a chabhraigh le taighdeoirí a bheith níos eolaí i leith infhaighteacht fhadtéarmach a gcuid sonraí.
Is léiriú eile é an cás‑staidéar seo ar an gcaoi a bhfuil feabhas ag teacht ar chaighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuirimid ar fáil de réir na moltaí atá leagtha amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.
Caitheann Taisclann Dhigiteach na hÉireann dúthracht leis an tseirbhís i nGaeilge a chuirimid ar fáil don phobal a fheabhsú agus cuirimid fáilte roimh aiseolas ón bpobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag dri@ria.ie.

DRI publishes Case Study in Irish for Seachtain na Gaeilge 2025
Seachtain na Gaeilge is an international Irish language festival and one of the biggest celebrations of our native language and culture that takes place each year in Ireland and in many other countries. The Digital Repository of Ireland (DRI) are delighted to announce the publication of a Member Case study in Irish to celebrate Seachtain na Gaeilge 2025!
In this case study, Drs Aoife Coffey and Deborah Thorpe from University College Cork’s (UCC) Library Research Data Service reflect on some of the issues facing endangered research data in a HEI context. They highlight how working with the DRI has generated solutions that has empowered researchers to be mindful of the long-term availability of their data, through a shared commitment to training and discipline-specific support.
We are delighted to add this Case Study to the many instances of improvement of the quality of our services in Irish in line with recommendations outlined in the Official Languages (Amendment) Act 2021.
DRI are committed to improving our service to the public through Irish and welcome feedback from members of the public. You can get in touch with us at dri@ria.ie.
