Glacadh le Caighdeáin
Tá glacadh le caighdeáin tábhachtach ó thaobh inbhuanaitheachta agus idir-inoibritheachta de.
Nuair a thug Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) faoi phróiseas anailíse fada maidir le riachtanais in 2011, ar cheann de na bunspreagthaí bhí tógadh na Taisclainne de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta is fearr a bhí le fios, le haird áirithe ar réitigh a roghnú lena raibh glacadh forleathan nó tacaíocht ó phiareagraíochtaí agus ó ghairmithe a dhéanann cartlannú agus caomhnú digiteach. Tá glacadh le caighdeáin tábhachtach ó thaobh inbhuanaitheachta agus idir-inoibritheachta de. Téann glacadh le caighdeáin níos faide ná cúrsaí meiteashonraí agus formáid chaighdeánaithe comhad, cuimsíonn siad gach gné d’obair DRI, ar a n-áirítear struchtúr eagraíochtúil, ár n-ollstruchtúr teicniúil, na haitheantóirí seasmhacha a ghlac muid, chomh maith le beartais agus líonraí gairmiúla a théann leis an obair a dhéanaimid. Feicfidh tú thíos, cur síos ar chuid de na caighdeáin, nó creatlacha sóisialta do chaighdeáin, ar ghlac muid leo.
OAIS agus Deimhniúchán Taisclainne
D’imir an Reference Model for an Open Archival Information System (Samhail Tagartha do Chóras Faisnéise Cartlainne Oscailte) (OAIS) (PDF file, 1.9MB). tionchar ar struchtúr eagraíochtúil DRI. Is é atá in OAIS ná
Eagraíocht, ar féidir gur cuid d’eagraíocht níos mó í, de dhaoine agus de chórais a ghlacann freagracht as faisnéis a chaomhnú agus a chur ar fáil do phobal ainmnithe.
Coiste Comhairliúcháin do Chóras Sonraí Spáis, 2012
Is bunús ar chomhchreat de théarmaí agus coincheapa ar taisclann dhigiteach iad an tSamhail Tagartha a leagann amach gnéithe feidhmiúla agus freagrachtaí dá leithéid de thaisclann ar leibhéal eagraíochtúil.
Fuair DRI Séala Formheasa Sonraí in 2015 agus an séala a tháinig ina dhiaidh,CoreTrustSeal , in 2018. Is eagraíocht idirnáisiúnta, phobalbhunaithe, neamhrialtasach agus neamhbhrabúsach é CoreTrustSeal a chuireann bonneagar sonraí inbhuanaithe iontaofa chun cinn. Tá deimhniúchán bunaithe ar chatalóg agus nósanna imeachta Data Seal of Approval (DSA)-World Data Systems (WDS) Core Trustworthy Data Repositories Requirements (Príomhriachtanais Taisclanna Sonraí Iontaofa an tSéala Formheasa Sonraí (DSA) agus Chórais Sonraí Domhanda (WDS)) a leagann amach príomh-saintréithe do thaisclanna sonraí iontaofa. Léiríonn deimhniúchán go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta i bhfeidhm ag DRI le caomhnú agus caomhnóireacht na sonraí a chinntiú.
Sonraí Oscailte agus FAIR
Dearadh an Taisclann chun go mbeidh na sonraí FAIR, is é sin Findable (Inaimsithe), Accessible (Inrochtana), Interoperable (Idir-inoibritheach), agus Reusable (In-athúsáidte). Tugtar mionsonrú ar na gníomhaithe atá déanta againn chun sin a chinntiú ar an leathanach Statement on FAIR Principles (Ráiteas maidir le Prionsabail FAIR). Leanaimid de chur le tacaíocht FAIR sa Taisclann, le cur i bhfeidhm FAIR Signposting (Treorú FAIR), cuir i gcás, mar chuid den togra FAIR-IMPACT.
Tacaíonn DRI le TRUST Principles for digital repositories (Prionsabail TRUST le haghaidh taisclanna digiteacha). Tugann na treoracha sin treoir maidir le iontaofacht taisclanna digiteacha a chaomhnú, go háirithe na cinn sin atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar shonraí taighde. Tugtar mionsonrú ar na gníomhaithe atá déanta againn chun Prionsabail TRUST a chomhlíonadh ar an leathanach Statement on TRUST Principles (Ráiteas maidir le Prionsabail TRUST).
Thacaigh DRI leis an National Framework on the Transition to an Open Research Environment (Creat Náisiúnta um Aistriú go Timpeallacht Taighde Oscailte) agus tacaíonn sé le Fóram Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte (NORF) ar roinnt bealaí a sonraítear ar an leathanach DRI agus NORF.
Dé Máirt an 23 Deireadh Fómhair 2012, sheol Sean Sherlock TD, an tAire Stáit, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Oideachais agus Scileanna National Principles for Open Access Policy Statement (Ráiteas Beartais maidir le Prionsabail Náisiúnta um Rochtain Oscailte) ag ár gceardlann D’ullmhaigh an Coiste Stiúrtha Náisiúnta maidir le Beartais um Rochtain Oscailte, coiste ar a raibh DRI, an ráiteas. D’oibrigh an coiste i gcomhpháirt chun gníomhaíochtaí a chomhordú agus chun saineolas a tharraingt le chéile ag leibhéal náisiúnta chun rochtain oscailte neamhshrianta ar líne ar thorthaí a eascraíonn as taighde atá maoinithe go hiomlán nó i bpáirt ag an Stát a chur chun cinn.
Clárlanna agus Aitheantóirí Eagraíochtúla
Ar aon dul leis an dea-chleachtas, tá DRI agus an Taisclann cláraithe le roinnt clárlanna taisclanna agus eagraíochtaí taighde, rud a ligeann dúinn aitheantóirí eagraíochtúla a chur ar fáil agus a ligeann do thaighdeoirí agus daoine eile teacht ar DRI agus faisnéis a fháil ar na cineálacha sonraí a choinnímid.
- Re3data.org
- OpenDOAR/Sherpa
- FAIRsharing.org
- FAIRsFAIR Repository Finder
- MERIL
- OpenAIRE Explore
- Europeana
- Ror.org
Aitheantóirí Seasmhacha
Tá DRI tiomanta d’úsáid Aitheantóirí Seasmhacha. Sanntar Aitheantóir Oibiachta Digití (DOI) do gach oibiacht sa Taisclann trí DataCite.
Tacaímid le húsáid Open Research and Contributor IDs (IDanna Taighdeoirí agus Rannpháirtithe Oscailte) (ORCID) chun cruthaitheoirí agus rannpháirtithe oibiachtaí digiteacha a shainaithint, agus spreagaimid a n-úsáid. Is féidir ORCIDanna a chur le taifid meiteashonraí ar oibiacht a ionghabháil, rud a éascaíonn aithint uathúil agus imdhealú taighdeoirí agus a gcuid foilseachán sonraí.
Eisíonn cuid de na clárlanna taisclann agus eagraíochtaí thuasluaite aitheantóirí seasmhacha a shainaithníonn DRI mar eagraíocht uathúil fosta.
Bogearraí Foinse Oscailte
Tacaíonn DRI le Bogearraí Foinse Oscailte fosta, agus úsáidimid iad am ar bith is féidir. Leis sin, áirítear úsáid Chreatlach Taisclainne Samvera chomh maith le foilsiú aon chód de chuid DRI ar GitHub faoi cheadúnas foinse oscailte.
Caighdeáin Theicniúla
Tá roinnt caighdeáin theicniúla curtha i bhfeidhm ag DRI chun an idir-inoibritheacht a fheabhsú. Cuimsíonn sin tacaíocht chun meiteashonraí a ionghabháil de réir na gcaighdeán meiteashonraí is coitianta atá in úsáid ag pobail ainmnithe in Éirinn – Dublin Core, Qualified Dublin Core, Scéimre um Chur Síos ar Oibiachtaí Meiteashonraí (MODS), formáid CMI (MARC), agus Cuntas Ionchódaithe Cartlainne (EAD).
Úsáidimid fosta an International Image Interoperability Framework (IIIF) (Creat Idirnáisiúnta um Idir-inoibritheacht Íomhánna) chun go mbeidh ár n-íomhánna idir-inoibritheach le hardáin agus uirlisí IIIF eile.
Tacaímid le heaspórtáil sonraí i bhformáid BagIt chomh maith le fotha a sholáthar dár meiteashonraí in Dublin Core agus sa tSamhail Sonraí Eorpach (EDM). Is féidir meiteashonraí agus sonraí a rochtain trí Chomhéadan Feidhmchláir (API) caighdeán-chomhlíontach.
Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).



