Skip to main content

Ballraíocht agus Tairbhí DRI

Samhail Bhallraíochta

Forbraíodh Samhail Bhallraíochta Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) chun tacú le heagraíochtaí, cosúil le hinstitiúidí ardoideachais, forais chultúir náisiúnta, agus le gníomhaireachtaí rialtais maidir lena riachtanais bhuanchoimeádta dhigitigh.

Tionscadail Taighde / Sonraí Taighde: Is féidir le Taisclann Dhigiteach na hÉireann tacú le taighdeoirí agus le tionscadail taighde a lorgaíonn a n-aschur taighde a bhuanchoimeád agus a lorgaíonn go mbíonn teacht orthu. Molaimid do thaighdeoirí teagmháil a dhéanamh linn fad atá iarratais ar chistiú á bhforbairt acu le plé a dhéanamh ar mhéid an tionscadail, ar na costais a bhaineann le bainistiú sonraí taighde, ar an tacaíocht a theastaíonn ón tionscadal, agus ar an modh is oiriúnaí lena sonraí a thabhairt isteach sa Taisclann.

Chun teacht ar bhreis eolais agus le roghanna a phlé, seol ríomhphost, le do thoil, chuig members@dri.ie.

 


 

Cuireann ballraíocht iomlán go mór le hinbhuanaitheacht sheirbhísí DRI.

Beartaítear go mbíonn ballraíocht chomhlach ag eagraíochtaí níos lú.

Bronntar ballraíocht saor in aisce ar bhuaiteoir na Scéime Cartlainne Pobail.

 


 

Tagraíonn ballraíocht in DRI d’eagraíochtaí ar mian leo bailiúcháin a chur i dtaisce le DRI, seachas d’úsáideoirí na Taisclainne ar mian leo na bailiúcháin a fhiosrú. Ní gá clárú le húsáid a bhaint as DRI; mar sin féin, má chuireann úsáideoirí a n-ainm síos agus má chláraíonn siad agus má aontaíonn siad lenár dtéarmaí agus coinníollacha is féidir leo teacht a fháil ar líon níos mó bailiúchán, nó cur isteach ar theacht ar níos mó bailiúchán a bhfuil srian orthu. Is féidir le húsáideoirí cuntas a chruthú ar DRI saor in aisce anseo.

Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus tríd an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

Higher Education Authority Logo
Irish Research Council Logo
Core Trust Seal Logo Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo Ireland eGovernment Awards Winner in the Open Data Award Category badge

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil. Subscribe to our newsletter and stay updated