Skip to main content

Buanchoimeád Digiteach

Bainistiú gníomhach ar ábhar digiteach le himeacht
ama lena chinntiú gur féidir teacht air i gcónaí

Cad é Buanchoimeád Digiteach?

 

‘Is éard is buanchoimeád digiteach ann bainistiú gníomhach ar ábhar digiteach le himeacht ama lena chinntiú gur féidir teacht air i gcónaí.’

Leabharlann na Comhdhála

Cuireann Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) seirbhís uathúil ar fáil in Éirinn mar bhonneagar náisiúnta a sholáthraíonn buanchoimeád agus teacht fadtéarmach ar shonraí digiteacha daonnachtaí, oidhreachta cultúrtha agus eolaíochtaí sóisialta na hÉireann.

Tá ábhar digiteach leochaileach: is féidir le hathrú teacht ar fhormáidí comhaid, tagann athrú ar theicneolaíochtaí, is féidir suíomhanna gréasáin a thabhairt anuas, tagann riachtanais úsáideoirí chun cinn, agus is féidir le crua-earraí imeacht as feidhm. Tá an baol ann nach mbeidh teacht ar ábhar digiteach mura ndéantar bainistiú gníomhach air, de bharr rudaí cosúil le hasfheidhmeacht formáide, teip ar mheán nó bacainní ar infhionntacht. Is í aidhm an bhuanchoimeádta dhigitigh, i ndeireadh na dála, teacht marthanach a sholáthar tríd an mbaol roimh ábhar digiteach a laghdú.
Cuireadh DRI ar bun le buanchoimeád, le teacht agus le haimsiú fadtéarmach a sholáthar ar shonraí sóisialta agus cultúrtha na hÉireann. Cé go leanann soláthar na seirbhíse seo de bheith ar ár gcroífheidhm mar bhonneagar, tá cuid lárnach déanta den mhéid a chuireann DRI le réimsí níos fairsinge an bhuanchoimeádta, an chartlannaithe agus na bainistíochta sonraí den bhealach a chinntímid dea-chleachtas agus an bonneagar sin á sholáthar.

Cuireann DRI go gníomhach, trí fhreastal go mór ar na hearnálacha taighde agus cultúir, le ceapadh beartais, abhcóideacht, eolas gairmiúil a aistriú, tógáil pobail, agus le grúpaí oibre réiteachbhunaithe ar leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta.


An Méid a Dhéanaimid

Taisclann iontaofa dhigiteach (TDR) é DRI ina soláthraítear buanchoimeád agus teacht iontaofa fadtéarmach ar ábhar digiteach. Tá sé deimhnithe ag CoreTrustSeal, a chinntíonn go léirítear ann croíthréithe taisclanna iontaofa sonraí. Sínitheoir é DRI ina theannta sin le Prionsabail TRUST do thaisclanna digiteacha, ina soláthraítear creat comhchoiteann lena éascú dea-chleachtas i mbuanchoimeád i measc na bpáirtithe leasmhara uile a phlé agus a chur i bhfeidhm. Soláthraíonn DRI maoirseacht ar shonraí sóisialta agus cultúrtha (na heolaíochtaí sóisialta, na healaíona, na daonnachtaí agus an oidhreacht chultúrtha) a chuireann réimse eagraíochtaí ar fáil, institiúidí ardoideachais, institiúidí oidhreachta cultúrtha (earnáil na ndánlann, na leabharlann, na gcartlann agus na n-iarsmalann, ar a dtugtar ‘GLAM’), gníomhaireachtaí rialtais, comhairlí contae agus cartlannapobail ina measc.

Cinntímid go ndéantar bainistiú gníomhach ar ábhar digiteach ar mhaithe lena bhuanchoimeád agus chun go mbíonn teacht fadtéarmach air trí dhul i mbun an mhéid seo a leanas:

  • An Taisclann agus an eagraíocht a ailíniú le Samhail Tagartha OAIS
  • Córas Stórála Ceph a úsáid, a thacaíonn le sciúradh sonraí, suim sheiceála, macasamhlú agus le códú scriosta
  • Formáid Phacáiste Faisnéise Cartlainne (AIP) a thacaíonn le lastliostaí agus le suim sheiceála
  • Seiceálacha seachtracha ar shláine sonraí lena chinntiú go mbíonn na sonraí go léir slán i gcónaí
  • Nósanna imeachta cúltaca lena chinntiú gur féidir aisghabháil a dhéanamh i gcás teipeanna
  • Bearta oiriúnacha slándála lena chinntiú nach féidir le daoine neamhúdaraithe teacht ar shonraí ná iad a athrú
  • Leaganacha d’earraí a dhéanamh agus na hathruithe uile a rianú, anuas ar iniúchadh leanúnach a dhéanamh ar athruithe a rinneadh ar mheiteashonraí nó ar shócmhainní sonraí earraí
  • Athbhreithniú rialta ar Fhormáid Chomhaid le hábhar a shainaithint a stóráiltear i bhformáidí comhaid atá i mbaol, agus gníomhartha ceartaitheacha, cosúil le hascnamh nó le haithris, a mholadh
  • Prionsabail sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte, ar a dtugtar prionsabail FAIR, a chumasú trínár n-ailtireacht, aitheantóirí seasmhacha a úsáid, inghníomhú meaisín agus treoirlínte maidir le meiteashonraí
  • Taisceoirí a spreagadh meiteashonraí saibhre agus mionsonraithe agus eolas comhthéacsúil a sholáthar lena chinntiú go leanfaidh sonraí de bheith intuigthe amach anseo
  • Beartas soiléir maidir le sonraí a aistarraingt agus leis an mbealach is féidir le taisceoir a sonraí a aisghabháil agus a ascnamh dá stopadh DRI de bheith ag feidhmiú
  • Aitheantóirí Seasmhacha (PIDanna) a cheapadh i bhfoirm Aitheantóirí Oibiachta Digití (DOIanna) trí DataCite do na hoibiachtaí go léir sa Taisclann
  • Leanúint de ról gníomhach a ghlacadh i gcomhlachais ghairmiúla, cosúil leis an gComhghuaillíocht ar son Caomhnú Digiteach, an Cumann Cartlann agus Taifead, Éire, DARIAH, agus an Comhaontas Sonraí Taighde

Chun teacht ar eolas breise, caith súil ar Bheartas Buanchoimeádta DRI.

Tacaíonn DRI freisin le dea-chleachtas i gcartlannú agus i mbuanchoimeád digiteach agus cuireann sé imeachtaí oideachais ar bun d’institiúidí Éireannacha le cabhrú leo an tábhacht a thuiscint a bhaineann le buanchoimeád digiteach agus leis an mbealach is féidir é a dhéanamh. Is féidir leat teacht ar imeachtaí for-rochtana agus ar fhíseáin oiliúna roimhe seo i mBailiúchán Ábhar Físeáin DRI agus ar ár gCaineál Vimeo.

Is féidir leat teacht ar go leor tuarascálacha, treoirlínte agus bileoga eolais gaolmhara áisiúla eile a bhaineann le dea-chleachtais le haghaidh buachoimeád digiteach i mBailiúchán Foilseachán DRI.

Is féidir eolas breise a fháil faoi na Caighdeáin a nGlactar leo, an tacaíocht a thugaimid do shonraí FAIR agus d’Eolaíocht Oscailte, agus an abhcóideacht a dhéanaimid ar son ábhar Oidhreachta Cultúrtha Digití a bhuanchoimeád, a roinnt agus a cheadúnú go hoscailte.

Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus tríd an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

Higher Education Authority Logo
Irish Research Council Logo
Core Trust Seal Logo Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo Ireland eGovernment Awards Winner in the Open Data Award Category badge

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil. Subscribe to our newsletter and stay updated