Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach
Is é is oidhreacht chultúrtha dhigiteach ann ná coimeád oibiachtaí cultúrtha trí dhigitiú agus trí chaomhnú digiteach
‘Tugann teicneolaíochtaí digiteacha agus an t-idirlíon saol nua don oidhreacht chultúrtha. Tá deiseanna nach raibh riamh roimhe ag saoránaigh rochtain a fháil ar ábhar cultúrtha, agus bíonn teacht níos mó ag na hinstitiúidí lucht níos leithne, is féidir úsáideoirí nua a ghríosú agus ábhar cruthaitheach inrochtana a fhorbairt le haghaidh siamsa agus oideachais.’
Beartas um Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach an Choimisiúin Eorpaigh
Tá cuid mhór ábhar digitithe, chomh maith lena mbailiúcháin thraidisiúnta fhisiciúla nó pháipéir, ag institiúidí oidhreachta cultúrtha na hÉireann, amhail músaeim, leabharlanna, dánlanna agus cartlanna. I measc na n-ábhar sin tá grianghraif d’oibiachtaí músaeim nó saothair ealaíne, doiciméid agus leabhair scanta, taifeadtaí digiteacha fuaime agus físe, chomh maith le hoibiachtaí ardteicneolaíochta amhail scanadh 3D agus samhlacha de dhéantúsáin fhisiciúla, eispéiris idirghníomhacha VR nó AR, taispeántais coimeádta idirghníomhacha ar líne, agus go leor leor eile.
Anuas ar na hinstitiúidí cuimhní traidisiúnta sin, tá go leor eagraíochtaí eile, ó ranna rialtais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) go grúpaí pobail agus sochaí sibhialta, atá ag cruthú níos mó ábhar digitghinte i rith an ama. Is cuid thábhachtach de thaifead oidhreachta cultúrtha comhaimseartha na hÉireann é an t-ábhar sin fosta, ach is gnách go stóráiltear é ar thiomántáin chrua scaipthe nó ar shuímh ghréasáin shealadacha amháin.
Tacaíonn Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) le fís a leagann síos go mbeidh oidhreacht chultúrtha, i gcomhthéacs digiteach, inrochtana agus comhroinnte le siamsa a dhéanamh agus eolas a chur ar fáil. Tacaíonn DRI le hathúsáid sonraí oidhreachta cultúrtha sa taighde, san oideachas, sna tionscail chruthaitheacha, agus sa turasóireacht. Ní mór an t-ábhar sin a choimeád, a chaomhnú agus a chomhroinnt go freagrach, ní hamháin ar shuímh ghréasáin eagraíochtaí, ach ar ardáin Náisiúnta agus Idirnáisiúnta amhail Taisclann DRI, HeritageMaps.ie, Data.gov.ie, agus Europeana.
Tá DRI i bhfách le caomhnú, comhroinnt, agus ceadúnú oscailte ábhar oidhreachta cultúrtha digití. Éascaíonn an tacaíocht sin rochtain dhaonlathach don lucht léite is leithne in Éirinn agus thar lear, chomh maith le húsáid, athúsáid agus comhchruthú cruthaitheach ábhair a spreagadh. In Position Paper on priorities for the EU Public Consultation on Digital for Cultural Heritage de chuid DRI, leagtar amach ár dtosaíochtaí maidir le hábhar oidhreachta cultúrtha digití na hÉireann. Thug muid faoi thionscadail inar labhraíodh ar son chaomhnú digiteach ár gcuimhne cultúrtha coitinne.
Creidiúint íomhá: George Prentzas ar Unsplash
Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA).