Skip to main content

Conas Ábhar a Chur i dTaisce

Eolas ar conas ábhair a chur i dtaisce isteach sa Taisclann

Is féidir leat amharc ar Bheartas Bailiúchán DRI chun teacht ar threoirlínte maidir le conas ábhar a chur i dtaisce. Cuirtear sa doiciméad seo le fairsinge an ábhair lena nglacann DRI, tagraítear ann dár samhail bhallraíochta agus cuirtear beartais eile ghaolmhara in iúl ann a sholáthróidh treoir.

Soláthraítear i mBeartas Bailiúchán DRI léargas ginearálta ar na saghsanna sonraí, sócmhainní digiteacha agus bailiúchán a bhfuil mar aidhm ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) a bhuanchoimeád agus a fhoilsiú. Soláthraítear soiléireacht ann do thaisceoirí féideartha a dheimhniú an bhfuil ábhar oiriúnach acu lena chur i dtaisce. Soláthraítear eolas sa bheartas freisin d’úsáideoirí ar na saghsanna bailiúchán ar féidir leo teacht orthu sa Taisclann.

Is í ballraíocht an príomhbhealach a ghlacann DRI seilbh ar bhailiúcháin. Aimsigh níos mó eolais faoi Bhallraíocht in DRI.

Rochtain shlán ar an Taisclann

Rochtain ar logáil isteach nó le cuntas a chruthú sa Taisclann

Ballraíocht in DRI

Eolas ar bhealaí le Ballraíocht in DRI a ghlacadh agus ar bhaill reatha

An Scéim Cartlainne Pobail

Eolas ar ábhar a chur i dtaisce tríd an Scéim Cartlainne Pobail

Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus tríd an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

Higher Education Authority Logo
Irish Research Council Logo
Core Trust Seal Logo Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo Ireland eGovernment Awards Winner in the Open Data Award Category badge

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil. Subscribe to our newsletter and stay updated