Skip to main content

An Scéim Cartlainne Pobail

Tá mar chuspóir ag cartlanna pobail na scéalta agus an stair a bhaineann le cultúir agus pobail faoi leith, ar minic nach mbíonn dóthain díobh i gcartlanna náisiúnta nó réigiúnacha, a thabhairt chun solais.


Bhí go leor pobal ar oileán na hÉireann imeallaithe riamh anall, agus leanann an t-imeallú seo le ganntanas in institiúidí traidisiúnta cuimhne a thabhairt le fios. Is minic gur daoine aonair nó grúpaí a oibríonn ar bhonn deonach nó a bhíonn ar an ngannchuid ó thaobh cistiú de, a chaitheann an t-am agus an dua agus a bhfuil an scil acu cartlanna pobalbhunaithe a chruthú.

Creideann Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI), mar thaisclann a chistítear go poiblí do shonraí sóisialta agus cultúrtha na hÉireann, gur tábhachtach buanchoimeád fadtéarmach ábhar digiteach a chur ar fáil do réimse fairsing eagraíochtaí, iad siúd ina measc a oibrítear ar bhonn neamhchistithe agus deonach. Is mór againn tacair shonraí agus bailiúcháin éagsúla a fhoilsiú agus táimid tiomanta do thacú le tionscnaimh phobalbhunaithe chartlainne trínár scileanna buanchoimeádta dhigitigh agus ár n-eolas gairmbhunaithe a roinnt. Cuirimid roinnt ballraíochtaí comhlacha agus na tairbhí gaolmhara uile ar fáil, ar an ábhar sin, mar chuid dár Scéim Cartlainne Pobail de chuid DRI don fhad ama a ghlacann sé ar ghrúpa a mbailiúchán a chur leis an Taisclann.

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoin scéim, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig Bainisteoir Ballraíochta DRI, Maeve O’Brien: m.obrien@ria.ie

DRI Community Archive Scheme Winner 2024

Two people on camera

Michael Fortune of folklore.ie will ingest a collection of ancient & contemporary folklore stories recorded in the film ‘A Bird in the House, God Bless Her.’ This film was made with a group from Southside Travellers Action Group between 2017-18 and tells of rare Easter and May Day customs, personal stories involving fairies, the banshee and shape-shifting hares; to contemporary customs such as acronyms used on Facebook.

‘A Bird in the House, God Bless Her’ marks the first collection in DRI that specifically focuses on the culture and experiences of the Traveller Community and it is a privilege for the Repository to hold such precious materials.

Application Form

Links to requirements and the application form needed to apply to the Community Archive Scheme

Information Events

Dates for upcoming online information sessions about the Community Archive Scheme

Previous Winners

Information on our previous Community Archive Scheme winners

Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus tríd an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

Higher Education Authority Logo
Irish Research Council Logo
Core Trust Seal Logo Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo Ireland eGovernment Awards Winner in the Open Data Award Category badge

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil. Subscribe to our newsletter and stay updated