Skip to main content

News

Suíomh Idirlín Thaisclann Dhigiteach na hÉireann i nGaeilge Anois

Submitted on 19th August 2024

Táimid sásta a chur in iúl go bhfuil Taisclann Dhigiteach na hÉireann ag cur aistriúchán Gaeilge ar fáil ar ár suíomh idirlín www.dri.ie chun caighdeán na seirbhísí a chuirimid ar fáil i nGaeilge a fheabhsú de réir na moltaí a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Shínigh Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 isteach ina dhlí ar an 22 Nollaig 2021. Is é sprioc na reachtaíochta barrthábhachtaí seo ná an Ghaeilge agus a pobal a chosaint agus a neartú do na blianta amach romhainn. Bainfear amach na spriocanna a leagtar amach san Acht ach na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge don phobal a fheabhsú agus a chaighdeánú thar thréimhse ama.

Cuireann an Taisclann ar fáil buanchoimeád digiteach agus rochtain iontaofa, fhadtéarmach, leanúnach ar shonraí digiteacha sóisialta agus cultúrtha, arna nginiúint ag taighdeoirí in Éirinn, agus arna gcoinneáil ag institiúidí Éireannacha, mar aon le hábhar digiteach a bhaineann le hoileán na hÉireann. Mar thaisclann náisiúnta le haghaidh shonraí cultúrtha agus sóisialta na hÉireann, déanaimid ár seacht ndícheall a chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin, ár mballraíocht, ár gcomhpháirtíochtaí agus ár bhfoireann ina léiriú ar shochaí agus cultúr na hÉireann ina fairsinge agus ina héagsúlacht. Mar sin, d’fhoilsíomar ár gcéad Bheartas um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú in 2023 agus tá Straitéis Ghaeilge á forbairt againn chun an inrochtaineacht ar ár n-ábhar a fheabhsú tuilleadh. Ceann dár spriocanna ná cur chuige céimnithe a thógáil chun aistriúchán Gaeilge a thabhairt isteach ar ár suíomh idirlín, ag tosú leis an aistriúchán ar mhíreanna roghchláir agus teaghrán ábhair. Sna míonna amach romhainn, beimid ag obair le soláthraí seirbhísí teanga chun rogha leathanach gréasáin a aistriú go Gaeilge chun go gcuirfí in iúl níos fearr an méid a dhéanaimid i nGaeilge.

Chomh maith lenár n-iarrachtaí ábhar shuíomh idirlín na Taisclainne a aistriú go Gaeilge, thugamar faoi roinnt gníomhaíochtaí eile chun ár seirbhís i nGaeilge a fheabhsú, lena n-áirítear:

  • Oiliúint Foirne: Thug baill foirne de chuid na Taisclainne faoi shainoiliúint Gaeilge le Gaelchultúr, an phríomheagraíocht a chuireann cúrsaí Gaeilge ar fáil don earnáil phoiblí. Dhírigh an oiliúint ar an nGaeilge a thabhairt isteach san ionad oibre, cumarsáid níos fearr a dhéanamh leis an bpobal i nGaeilge, agus tuiscint níos fearr a fháil ar stair agus ar chultúr na Gaeilge.
  • Tionscadal Téarmaíochta Gaeilge: Tá an Taisclann ag obair le téarma.ie (an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge), agus le grúpa comhairleach saineolaithe níos leithne, chun sraith téarmaí Gaeilge a bhaineann leis an mbuanchoimeád digiteach a chur i dtoll a chéile. Tá an tionscadal seo ag tógáil ar obair ó thionscadal arna stiúradh ag an gcartlannaí Niamh Ní Charra ó Ollscoil na Gaillimhe, a sheol an tionscadal téarmaíochta cartlannaíochta le Niamh McDonnell, ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta i bhForas na Gaeilge – an coiste náisiúnta téarmaíochta Gaeilge. Faoin tionscadal seo, tugadh breis agus 200 téarma cartlannaíochta isteach i léacsacan na Gaeilge. Tá an 200 téarma Gaeilge cartlannaíochta aitheanta go foirmeálta ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Chartlanna (ICA), rud a chinntigh go bhfuil an Ghaeilge i measc 25 teanga a bhfuil a leithéid de shéala formheasa aici. I measc na dtéarmaí seo tá ‘buanchoimeád’ (preservation), ar téarma ar leith é ón bhfocal ‘caomhnú’ (conservation).
  • Cumarsáid: Chomh maith le cinntiú go bhfreagraímid i nGaeilge do chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge, tá neartú déanta ar ár gcumarsáid i nGaeilge ar ár gcainéil meán sóisialta, inár nuachtlitreacha míosúla agus ar bhlag-phostálacha. Tá iarracht á déanamh againn chomh maith an Ghaeilge a chomhtháthú isteach san ionad oibre agus ag imeachtaí os comhair an phobail.
  • Bailiúcháin Ghaeilge a athúsáid: Táimid ag glacadh páirt i bhfeachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta Gaeilge ar na meáin shóisialta chun bailiúcháin Ghaeilge de chuid na Taisclainne a roinnt níos leithne agus chun athneartú a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le rochtain ar bhailiúcháin dhigiteacha oidhreacht chultúrtha na hÉireann a oscailt go mbainfí an leas is fearr fionnachtana agus athúsáide astu.
  • Feabhsuithe don Taisclann: Tá an Taisclann https://repository.dri.ie/ dátheangach cheana féin, ach táimid ag obair go leanúnach chun an tseirbhís a chuirimid ar fáil i nGaeilge a fheabhsú. Mar shampla, tá sé mar sprioc againn líon na mbailiúchán digiteach Gaeilge sa Taisclann a mhéadú. Maidir lenár Scéim Cartlainne Pobail, a chuireann ballaíocht chomhlach leis an Taisclann ar fáil saor in aisce agus oiliúint ar an mbuanchoimeád dhigiteach ar fáil do ghrúpaí pobail atá gann ar acmhainní, tá sí ar oscailt anois d’iarratais. Molaimid do ghrúpaí pobail Gaeilge agus do chartlannaithe pobail atá ag obair le hábhar i nGaeilge iarratas a dhéanamh.
  • Foilseacháin: Táimid ag obair lena chinntiú go gcuirfear foilseacháin na Taisclainne ar fáil go dátheangach amach anseo.
  •  Líonrú: Táimid ag obair chun teagmháil le grúpaí Gaeilge a mhéadú.

Táimid tiomanta ár seirbhísí i nGaeilge don phobal a fheabhsú agus cuirimid fáilte roimh aiseolas ón bpobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag dri@ria.ie


Introducing Irish Language Translation on the DRI Website

We are pleased to share that the Digital Repository of Ireland (DRI) is implementing Irish language translation on our website www.dri.ie to improve the quality of our services in Irish in line with recommendations outlined in the Official Languages (Amendment) Act 2021.

The Official Languages (Amendment) Act 2021 was signed into law by the President of Ireland on 22 December 2021. The goal of this key legislation is to protect and strengthen the Irish language and its community in the coming years. The objectives outlined in the Act will be achieved by improving and standardising the services that public bodies provide to the public through Irish over a period of time.

DRI provides reliable, long-term, sustained digital preservation and access to social and cultural digital data generated by researchers in Ireland, held by Irish institutions, and digital material pertaining to the island of Ireland. As a national repository for Ireland’s cultural and social data, we strive to ensure that our collections, membership, partnerships, and staff reflect Ireland’s society and culture in all of its breadth and variety. We, therefore, published our first Equality, Diversity, and Inclusion Policy in 2023 and are developing an Irish Language Strategy to further improve the accessibility of our content. One of our goals is to take a phased approach to implementing Irish language translation on our website, beginning with the translation of menu items and content strings. Over the coming months, we will be working with a language service provider to translate select web pages into Irish to better communicate what we do through the Irish language.

In addition to our efforts to translate DRI website content into Irish, we have also undertaken a number of other actions to improve our service in Irish, including:

  • Staff Training: DRI staff members undertook bespoke Irish language training with Gaelchultúr, the leading organisation for the provision of Irish language courses for the public sector. The training focused on incorporating the Irish language into the workplace, communicating with the public through Irish, and better understanding the history and culture of the Irish language.
  • Irish Language Terminology Project: DRI is working with téarma.ie (the National Terminology Database for Irish), and a wider expert advisory group, to compile a standardised set of Irish language terms relating to digital preservation. This project builds on work from a project led by archivist Niamh Ní Charra from the University of Galway, who launched the archival terminology project with Niamh McDonnell, of the National Archives of Ireland, in consultation with An Coiste Téarmaíochta of Foras na Gaeilge – the national Irish language terminology committee. This project saw over 200 archival terms entered into the Irish language lexicon. The 200 Irish language archival terms have been formally recognised by the International Council on Archives (ICA), ensuring Irish is one of just 25 languages with such a seal of approval. Among the terms are buanchoimeád (preservation) as distinct from caomhnú (conservation).
  • Communication: As well as ensuring that we reply in Irish to email correspondence received in Irish, we have also strengthened our communication in Irish through our social media channels, monthly newsletters, and blog posts. We have also been making an effort to integrate more Irish in the workplace and at public-facing events.
  •  Reuse of Irish Language Collections: We have been participating in national and international Irish language social media campaigns to share Irish language collections in the DRI repository more widely and to reinforce the benefits of opening access to Ireland’s digital cultural heritage collections for the greatest discovery and reuse.
  • Repository Improvements: The DRI Repository https://repository.dri.ie/ is already bilingual, but we are continually working to improve the service we offer in Irish. For example, we aim to increase the number of Irish language digital collections in the Repository. Our Community Archive Scheme, which offers free DRI associate membership and digital preservation training to under-resourced community groups, is currently open for applications. We encourage Irish language community groups and community archivists working with Irish language material to apply.
  •  Publications: We have been working to ensure that forthcoming public-facing DRI publications are available bilingually.
  •  Networking: We are working to increase engagement with Irish language groups.

We are committed to improving our service to the public through Irish and welcome feedback from members of the public. You can get in touch with us at dri@ria.ie


Tá DRI maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (HEA) agus tríd an gComhairle um Thaighde in Éirinn (IRC).

DRI is funded by the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science (DFHERIS) via the Higher Education Authority (HEA) and the Irish Research Council (IRC).

Higher Education Authority Logo
Irish Research Council Logo
Core Trust Seal Logo
Digital Preservation Awards 2022 Winners Ribbon Logo

Cláraigh le haghaidh ár nuachtlitreach leis an nuacht is déanaí a fháil. Subscribe to our newsletter and stay updated