Back to top

BLAG DRI: NA LÁMHSCRÍBHINNÍ BÉALOIDIS I MBAILIÚCHÁN SHEÁIN MHIC GIOLLARNÁTH

Údar: Dr. Rósmáire Ní Cholla

Seolfar tionscadal taispeántach de chuid OÉ Gaillimh do Thaisclann Dhigiteach na hÉireann don phobal ag Comhdháil DPASSH 2015. Sraith bailiúchán atá curtha in eagar atá sa tionscadal, ar théama na hOidhreachta Cultúrtha. Tiomsaíodh na bailiúcháin as cartlanna fuaime, téacs agus íomhánna agus cé gur ábhar Gaeilge an t-ábhar féin, ullmhaíodh na meiteashonraí agus an t-ábhar comhthéacsúil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla sa chaoi is go mbeidh na húsáideoirí abalta brabhsáíl agus cuardach a dhéanamh trí cheachtar den dá theanga

Díreoidh an blag áirithe seo ar bhailiúchán amháin sa tionscadal: Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Tá clú ar Sheán Mac Giollarnáth mar bhéaloideasóir agus mar scríbhneoir. Dátaí idir 1929-1940 atá ar na bunlámhscríbhinní agus cuireadh le chéile iad i gConamara nuair a bhí Mac Giollarnáth ina bhreitheamh ar an gcúirt dúiche ansin sna blianta 1925-1950. Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní i 2003-04. Tugtar 47 lámhscríbhinn agus tras-scríbhinn digitithe i mBailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth, mar aon le craoltaí RTÉ Raidió na Gaeltachta, meascra ábhar ilghnéitheach ó na lámhscríbhinní agus faisnéis chúlra faoina shaol agus a shaothar. Tá an-réimse ábhar sna lámhscríbhinní, an dúlra agus an fiadhúlra agus aistriúcháin ón mBéarla agus ón nGearmáinis san áireamh. Ní nach ionadh áfach, agus an cúlra a bhí aige, ábhar béaloidis atá i bhformhór acu (40 lss). Dá bhrí sin díreofar anseo ar na lámhscríbhinní béaloidis agus ar an ábhar ilghnéitheach. 

 

Seán Mac Giollarnáth, 1880-1970 (All Rights Reserved)

Thug a chuid oibre mar bhreitheamh sa chúirt dúiche an deis dó aithne a chur ar na scéalaithe agus na seanchaithe ba mhó le rá i gConamara ag an am. Thairis sin ó bhí sé gníomhach sa Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971), agus roimhe sin san Institiúid Bhéaloideas Éireann, (1930-1935) agus sa Chumann le Béaloideas Éireann (1927-1930), thuig sé go raibh práinn leis an eolas a bhí acu a bhailiú. 

Coimisiún Béaloideasa Éireann (All Rights Reserved)

Tá roinnt den ábhar sna lámhscríbhinní i bhfoirm nótaí agus dréachtaí d’ailt a d’fhoilsigh sé i mBéaloideas agus do théacsanna ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Craoladh Annála Beaga ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1986-87. Tá na craoltaí seo ar fáil mar chuid de Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth.

Ar nós na mbailitheoirí béaloidis eile, lean Mac Giollarnáth na treoirlínte a leag Ó Súilleabháin síos i Láimh-leabhar Béaloideasa (1937) agus Handbook of Irish Folklore (1942). Tá achoimrí na dtreoirlínte seo, nó dréachtaí b’fhéidir, i mBéarla agus i nGaeilge san ábhar ilghnéitheach. Iarradh ar na bailitheoirí dátaí, áiteanna agus ainmneacha na scéalaithe a lua chomh maith le hábhar bainteach ar bith eile (féach Comhairle don Bhailightheoir thíos). Obair cheannródaíoch a bhí sna treoirlínte seo ó thaobh feabhas na meiteashonraíochta de, a fhágann lámhscríbhinní mar seo ina n-acmhainní luachmhara do thaighdeoirí suas go dtí an lá atá inniu ann. Go deimhin bhain MoTIF, leas as an liosta cuimsitheach d’eochairfhocail i lámhleabhar an tSúilleabhánaigh ar na mallaibh agus iad i mbun oibre ar an teasáras píolótach do bhéaloideas na hÉireann.

 

Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth MS007. Comhairle don Bhailightheoir

Tá i bhfad níos mó faisnéise sna nótaí imeallacha seo ná meiteashonraí fuarchúiseacha amháin, ar ndóigh. Breacann Mac Giollarnáth síos nótaí pearsanta freisin a thugann spléachadh dúinn ar an an gcairdeas a bhí aige le daoine eile, agus leis an scéalaí Micilín Mac Donnchadha ach go háirithe. Léiriú maith é an nóta ag deireadh LS012 thíos. 

  

 

"28 mbilleog sgríobhta agam anocht ó Mhicilín tar éis dom a bheith ag cúirt i Leitir Fraig. Tá an ghaoth anoir a bhí againn le deich lá imthighthe agus gaoth chineálta aniar ndeas againn. Tá sé anois tar éis meadhon oidhche agus mé tuirseach ach tá fonn cainnte ar Mhicilín fós. Bhí sé ag druimleoid arsgéal, adéir sé, agus é dhá innseacht. Bhí cuid mhór den sgéal innsighthe nuair a dhúisigh sé agus ní raibh cuimhne aige ar an sgéal. Caithfidh mé anois an cár a thabhairt amach agus Micilín a fhágáil thoir ag ceann an bhóithrín i Roisín na mBan-Aoidheach. Siubhlaidh sé abhaile uaidh sin, suas an bóithrín agus treasna na ngarranta go dtí n-a theaichín I Roisín n a mBan-Aoidheach, ar thaobh Loch Mac Caola." 

Idir 12 agus a haon a.m. 14.12.1932

Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. MS012 (All Rights Reserved)

 

Bhailigh Mac Giollarnáth cuid mhór ábhair ó Mhicilín agus luaitear a ainm go rialta sna lámhscríbhinní. Is cosúil nach raibh coinne de dhíth agus bhí sé de nós ag Micilín bualadh isteach i dteach na cúirte nuair a bhíodh fonn cainte air. Is léir go bhfuil ardmheas ag Mac Giollarnáth air. Tá ainm Mhicilín ag barr Chlár an Lucht Innseachta ag tús Annála Beaga (1941). 

Níl anseo ar ndóigh ach forbhreathnú gasta fíorshuibiachtúil ar a bhfuil ar fáil i mBailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Pointí tosaithe iad an téacs, an fhuaim agus na híomhánna sa bhailiúchán do dhaoine a bhfuil spéis acu sa bhéaloideas nó sa Ghaeilge, agus go deimhin cuirfear ceisteanna iontu a spreagfaidh tuilleadh fiosruithe.

 

Tagairtí

Almqvist, B. (1977-1979). The Irish Folklore Commission - Folklore agus Legacy. Béaloideas, 45-47, 6-26.

Breathnach, D., & Ní Mhurchú, M. (2014). Mac Giollarnáth, Seán (1880-1970). Ainm.ie.

Briody, M. (2007). The Irish Folklore Commission 1935-1970. Helsinki.

Mac Giollarnáth, S. (1934). Peadar Chois Fhairrge. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Mac Giollarnáth, S. (1936). Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile. Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais.

Mac Giollarnáth, S. (1941). Annála Beaga ó Iorrus Aithneach. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Morley, V. (2009). Mac Giollarnáth (Mac Giolla An Átha; Forde), Seán. Dictionary of Irish Biography. (J. McGuire, & J. Quinn, Eds.) Cambridge, UK: Cambridge University Press. Retrieved from James McGuire, James Quinn (ed.), Dictionary of Irish Biography.: http://dib.cambridge.org/quicksearch.do;jsessionid=A284017323510F860E182...

Ó Cearbhaill, D. (2012). Seanchas Fola: Folklore from East Galway. Seán Mac Giollarnáth (1880-1970). (D. Ó Cearbhaill, Ed.) Journal of the Galway Archaeological agus Historical Society, 64, 106-127.

Ó Súilleabháin, S. (1937). Láimh-leabhar Béaloideasa. Baile Átha Cliath: Comhlucht Oideachais na hÉireann ar son an Chumainn le Béaloideas Éireann.

Ó Súilleabháin, S. (1942). A Handbook of Irish Folklore. Dublin: Educational Company of Ireland for the Folklore of Ireland Society.

Uí Ógáin, R. (2013). Cnuasach Bhéaloideas Éireann: The National Folklore Collection, University College, Dublin. Oral Tradition, 28 (2), 317-324.